The Legend of the Lough
You've arrived at the second installation of Fíoruisce, here at the Lough
Hello human, we hope you are faring well in this land of fairy tricksters! Hopefully you have heard Act 1 at this point, and are ready for more. Scan the QR Code on your phone to access Act 2. Read on to get a summary of the story.
Dia duit a dhuine dhaonna chóir, tá súil againn go bhfuil ag éirí go maith leat san áit seo, tír na gcleasaithe sí. Faoin am seo, tá súil againn go bhfuil an chéad Ghníomh cloiste agat, agus go bhfuil tú réidh le haghaidh tuilleadh ceoil. Déan an Cód QR a scanadh ar do ghuthán chun teacht ar Gníomh a dó. Léigh ar aghaidh más mian leat achoimre ar an scéal a fháil.
The story is of a princess whose name is Fíoruisce, she is prophetic, a complicated character with one foot in the real world and one in the other world, the ancient underworld. She is light and dark. She foresees a great drowning and tries to warn her parents, the king and queen about this.
The king, Corc, is an arrogant man who surrounds himself with sycophants, he constantly needs reassurance but only from his gang of yes men. The main event of the story is when King Corc closes access to the well for the people under his reign, therefore cutting them off from water. The queen Eadaoin is the voice of reason, she tells the king that this is a bad idea.
They are visited by a prince Cian Ó Céin but he is a trickster and is in fact the Irish sea god Manannán in disguise, he plays music for the party and they all go into a frenzied trance. Meanwhile he captures Fíoruisce and takes her to his world, the otherworld. Then he drowns the kingdom.
The lesson here is an allegory that crops up in Irish mythology all the time. The idea is that Kings and Queens in ancient Ireland had a duty to their people, if they defied their people and turned their back on them, they would be punished.
Enter the world at your peril, human!
Fáidh mná feasa is ea Fíoruisce ár mbanphrionsa álainn. Maireann sí sa spás idir eatarthu, idir an saol so agus an saol eile. Buaileann daol caointe í is feiceann sí tuile uisce á mbá sa ghleann agus í ag iarraidh foláireamh a mbáitheadh a chur ar a hathair an rí agus ar a máthair an bhanríon.
Fear bóibéiseach is ea Corc an rí agus is sásta go maith a bhíonn sé le moladh agus le plámas a chuid laochra. Sé an gníomh barbartha a dheineann sé ná tobar álainn fíoruisce a dhúnadh agus a t-uisce a choimead ón gcosmhuintir. Cuireann an bhanríon stuama Éadaoin comhairle air ina choinne seo.
Tagann an prionsa Cian Ó Céin ar chuairt orthu. Is é Manannán Mac Lir é i riocht cleasaithe a chuireann faoi dhraíocht iad agus mearbhall orthu lena cheol sí agus meallann sé Fíoruisce go dtí Tír na nÓg. Bánn sé ríocht Choirc agus cumann Manannán Loch Chorcaí.
Téama forleathan é seo i miotas na hÉireann agus timpeall an domhain ar fad. Nuair ná bíonn an flaith fíor agus flaithiúil bíonn tubaist i ndán dó agus buailtear go cruaidh in uair na cinniúna é.
Is ar do phriacal fhéin a chuirimid fáilte anso romhat, a dhuine dhaonna chóir.